Inrochtaineacht
Tuigeann an Phríomh-Oifig Staidrimh an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfuil teacht ag gach duine ar ár suíomh gréasáin. Táimid tiomanta dár suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí) an Aontais Eorpaigh, 2020. Táimid i gcónaí ag obair chun feabhas a chur ar thaithí an úsáideora ar an suíomh gréasáin do gach duine agus chun ár n-ábhar a chur ar fáil don oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le suíomh gréasáin eu2026.cso.ie
Stádas comhlíonta
Tá CSO.ie comhlíontach i bpáirt le Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 leibhéal AA
Aiseolas agus eolas teagmhála
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn chun eolas a iarraidh nó chun cúnamh a fháil ó thaobh rochtain a fháil ar aon ábhar nó feidhmiúlacht atá neamh-inrochtana.
Maidir le heolas agus fiosruithe ginearálta, déan teagmháil le Preasoifig Cumarsáide & Eisiúintí na Príomh-Oifige Staidrimh.
Ríomhphost: eolas@cso.ie
Fáiltíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht ár suímh gréasáin agus uirlisí digiteacha. Cuir ar an eolas muid má bhíonn aon deacrachtaí inrochtaineachta agat ar mhaith leat go ndéanfaimis athbhreithniú orthu.
Chun aiseolas a thabhairt ar inrochtaineacht an tsuímh gréasáin agus deacrachtaí inrochtaineachta a chur in iúl dúinn, seol ríomhphost chuig digitalcomms@cso.ie
Gearáin Fhoirmiúla
Mura bhfuil tú sásta le freagra na Príomh-Oifige Staidrimh, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann, 2000 (Uimh. 8 de 2000) nó faoin Acht um Míchumas, 2005 (Uimh.14 de 2005) nó faoin dá Acht.
Tá comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Ombudsman.
Tá comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
Uasdátaíodh an ráiteas seo tar éis athbhreithniú a rinneadh ar eu2026.cso.ie ar bhonn féinmheasúnaithe.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi tiomanta d’inrochtaineacht ár suímh gréasáin a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil eolas ar fáil do gach duine.
Uasdátaíodh an ráiteas seo go deireanach ar an 22 Meitheamh 2026