Dublin Convention Centre and Samuel Beckett Bridge

Cruinniú Ardleibhéil

Cruinniú Ardleibhéil Ard-Stiúrthóirí agus Uachtaráin na nInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta

Beidh Baile Átha Cliath ina óstach ar chruinniú ardleibhéil de cheannairí na nInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta, arna eagrú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (Éire), i gcomhar le Eurostat.

Beidh “Simpliú agus an Córas Staidrimh Eorpach” mar fhócas ag an gcruinniú i mí Mheán Fómhair 2026.

Dáta agus Ionad

Beidh an cruinniú ar siúl an 3 agus an 4 Meán Fómhair 2026,  i dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 15.

Páirc an Fhionnuisce

Tá Páirc an Fhionnuisce ar cheann de na páirceanna poiblí iata is mó in aon phríomhchathair san Eoraip. Bunaíodh í ar dtús mar pháirc seilge ríoga sna 1660idí agus osclaíodh don phobal í in 1747. Tá tréad mór d’fhia buí fiáin ann fós go dtí an lá atá inniu ann. Tá Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce, Áras an Uachtaráin (áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann), na Gairdíní Zó-eolaíochta, na Gairdíní Bláthanna Victeoiriacha, Ionad Faisnéise Bithéagsúlachta, caiféanna agus Seomraí Tae suite sa Pháirc freisin.

Teach Farmleigh

Is teach Éadbhardach é Teach Farmleigh atá caomhnaithe go hálainn, agus é suite ar shuíomh ard os cionn na Life in iarthuaisceart Pháirc an Fhionnuisce.

Roimhe seo, bhí Farmleigh ar cheann d’áiteanna cónaithe mhuintir Guinness i mBaile Átha Cliath, agus feidhmíonn sé anois mar Theach Aíochta Stáit oifigiúil na hÉireann.

Cóiríocht óstáin

Tá seomraí curtha in áirithe do na toscairí uile in Óstán Trinity City, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2, D02 FW96. Tá an t-óstán seo 10 km ón ionad cruinnithe.

Déantar an próiseas áirithinte tríd an gcóras creidiúnaithe. Eiseofar ríomhphost go díreach chuig na toscairí in am trátha, ina dtabharfar cuireadh dóibh clárú, cóiríocht a chur in áirithe, srl.

Ionad an dinnéir

Beidh an dinnéar ar siúl ar an 3 Meán Fómhair ag Fire Steakhouse, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath, ag 19:00.

Iompar

Iarrtar ar na toscairí a socruithe taistil féin a dhéanamh maidir le haistriú chuig an aerfort agus uaidh.

Cuirfear iompar ar fáil ó Óstán Trinity City go Farmleigh an dá mhaidin, agus ó Farmleigh ar ais go dtí an t-óstán tráthnóna an 3 Meán Fómhair.

Aimsir

Teochtaí i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair: bíonn na meán-uasteochtaí laethúla idir 15°C agus 17°C, agus titeann na híosteochtaí thar oíche go dtí idir 9°C agus 11°C de ghnáth. Is féidir a bheith ag súil le báisteach ag aon tráth den bhliain.

Dréachtchlár oibre

Lá 1: Déardaoin, 03 Meán Fómhair 2026, 09.30 GMT

Am Seisiún / Eachtra Staid
8:30am Seisiún 1 TBC
  Clárú, tae agus caife TBC
  Oscailt agus fáilte  Ms. Jennifer Banim TBC
  Grianghraf den ghrúpa TBC
18:30

Aistriú ó Theach Farmleigh go hÓstán Trinity City

TBC
19:00 Dinnéar TBC

 

Lá 2: Dé hAoine, 04  Meán Fómhair  2026, 9:15  -  TBC GMT

Am Seisiún / Eachtra Staid
8:30am Seisiún 2 TBC
10:15 - 10:30 Clárú, tae agus caife TBC
  Seisiún 3 TBC
12:50 - 13:00 Clabhsúr TBC
13:15 Lón TBC

Roghanna don chlár cultúrtha: Turas ar Theach Farmleigh nó ar an nGailearaí Ealaíne.