Dublin Convention Centre and Samuel Beckett Bridge

Conclúidí Bhaile Átha Cliath

Ag Cruinniú Ardleibhéil (CAL) Ard-Stiúrthóirí agus Uachtaráin na nInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta (ISNanna) sa Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) agus Eurostat, athdhearbhaíodh an tábhacht straitéiseach a bhaineann le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Aontais Eorpaigh a shimpliú agus a laghdú d’fhonn an t-ualach ar fhreagróirí agus ar chostais d’údaráis náisiúnta a laghdú, agus ábharthacht agus caighdeán leanúnach an staidrimh oifigiúil Eorpaigh á n-áirithiú an tráth céanna.

Agus plé á dhéanamh le linn an CAL ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo, moladh an obair iontach atá déanta ag Stiúrthóirí agus ag Grúpaí Saineolaithe CSE agus ag Eurostat go háirithe, chun liosta tosaigh tograí a bhailiú chun dlús a chur leis an obair chun tacar simpliúcháin a chruthú ina leagtar amach cuspóirí gearrthéarmacha, meántéarmacha, agus fadtéarmacha araon. 

Leagadh béim le linn an CAL ar an ngá atá leis an tiomantas comhroinnte don simpliú a iompú i ngníomhaíochtaí inláimhsithe agus tarraingíodh aird ar an ngá atá le ceannaireacht agus le treoir chun bealaí a aithint lenar féidir laghduithe a dhéanamh a bheidh stuama, agus a mbeidh dea-thionchar ag baint leo.

Cuireadh fáilte roimh an gcur chuige cúig shnáithe atá beartaithe chun gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha agus fadtéarmacha araon a leagan amach.  Is iad seo a leanas na snáitheanna sin:

  1. Ceanglais tuairiscithe i Reachtaíocht Staidrimh an Aontais Eorpaigh a shimpliú agus a laghdú trí phacáiste omnibus de ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ullmhú faoi dheireadh na chéad ráithe de 2027;
  2. An t-ualach a bhaineann le tuairisciú cáilíochta agus meiteashonraí a shimpliú agus a laghdú;
  3. Cur chun feidhme ‘prionsabal na haonuaire’ sa Staidreamh Oifigiúil Eorpach a threisiú;
  4. Simpliú trí dhearadh agus reachtaíocht staidrimh AE á hullmhú;
  5. Gníomhaíochtaí neamhreachtacha chun próisis a shimpliú agus tuairisciú staidrimh a éascú.

Tá plépháipéar an CAL ina sonraítear na snáitheanna sin san áireamh leis an iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí seo.

Leagadh béim sa CAL ar an ngá atá leis an ualach reatha a laghdú agus le gníomh a ghlacadh chun ualach méadaithe sa todhchaí a sheachaint. Leagadh béim ar leith ar an bprionsabal ‘bailiú aonuaire’ a ghlacadh agus tograí reachtacha an Aontais á bhforbairt.  Meastar gur gné ríthábhachtach é leas a bhaint as na féidearthachtaí a bhaineann le sonraí riaracháin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon chun cuspóir an tsimplithe a bhaint amach.

Pléadh ról CSE ag an CAL maidir le teagmháil a dhéanamh le húinéirí córas sonraí, lena n-áirítear comhairle a thabhairt maidir le hábhar, caighdeáin agus struchtúir sonraí chun athúsáid sonraí riaracháin a chumasú chun críoch staidrimh.

Chun tacú le cuspóir an tsimplithe trí dhearadh, leagadh béim sa CAL ar a thábhachtaí atá sé tograí reachtacha de chuid an Aontais atá ag teacht chun cinn a mhúnlú, oiread agus is féidir, chun athúsáid foinsí sonraí atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn a uasmhéadú chun staidreamh oifigiúil Eorpach a thiomsú, i gcomhréir le “prionsabal na haonuaire”.  Sampla a pléadh ag an CAL ná teacht chun cinn córas uile-AE ina bhfuil a lán sonraí i réimse an ghnó (go háirithe, na deiseanna a bhaineann le ViDA agus le Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh) mar fhoinsí sonraí a bhfuil ardacmhainneacht athúsáide acu agus lena laghdaítear an t-ualach tuairiscithe a bhaineann le bailiúcháin sonraí comhthreomhara sa mheántéarma/san fhadtéarma. Moladh ag an CAL go ndéanfaí iniúchadh leanúnach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma ar dheiseanna simpliúcháin a eascraíonn as tograí reachtacha AE atá ag teacht chun cinn le haghaidh ceanglais atá ann cheana.    

Cuireadh i dtábhacht ag an CAL freisin gur cheart tabhairt faoin simpliú tríd an gcuíchóiriú agus trí chomhsheasmhacht níos fearr ar fud réimsí staidrimh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear comhréimsí, dúbláil agus neamhréireachtaí a shainaithint sna ceanglais tuairiscithe, coincheapa, sainmhínithe agus sna hoibleagáidí tarchuir reatha.

Sainaithníodh an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Staidreamh Gnó Eorpach (togra ón gCoimisiún dá bhforáiltear don chéad leath de 2028) ag an CAL mar dheis thábhachtach chun an t-ualach ar ghnólachtaí a laghdú agus chun an clár oibre simpliúcháin a chur chun cinn.  Ba cheart, go háirithe, go mbeadh leabú phrionsabal na haonuaire ina chroílár. Chuige sin, moladh ag an gcruinniú gur cheart go ndíreofaí ar chlaochlú Staidreamh Gnó na hEorpa agus ar an méid is féidir a fhoghlaim ar bhonn níos leithne ó na deiseanna simpliúcháin a bhaineann leis an gclaochlú sin ag an gcéad Chruinniú Ardleibhéil eile, atá le bheith ar siúl i mí Aibreáin faoi Uachtaránacht na Liotuáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.  Tarraingíodh aird sa CAL freisin ar na deiseanna a d’fhéadfaí a fhiosrú sa reachtaíocht atá níos aibí ó thaobh na forbartha de, mar shampla, reachtaíocht maidir le Córas Eorpach na gCuntas Náisiúnta, Staidreamh Comhtháite Feirme agus Staidreamh Turasóireachta.

Aithníodh ag an gcruinniú freisin an deis atá ann le feabhas a chur ar phróisis CSE maidir le tarchur sonraí, uathoibriú agus idir-inoibritheacht níos fearr a chur chun cinn ar fud CSE, chomh maith le feabhas a chur ar thuairisciú cáilíochta agus meiteashonraí. Iarrfar ar Ghrúpa Oibre ábhartha CSE tograí sonracha a dhéanamh chun tuairisciú cáilíochta agus meiteashonraí ina réimsí a shimpliú, ar tograí iad a d’fhéadfaí a áireamh san Omnibus Simpliúcháin in 2027. Ina theannta sin, iarrfar ar Ghrúpa Oibre CSE um Cháilíocht moltaí a dhéanamh maidir leis an gCaighdeán Meiteashonraí Comhtháite Aonair a shimpliú agus breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le meiteashonraí tacú leis an úsáid a bhaintear as IS sa staidreamh oifigiúil.

Leagadh béim sa CAL ar a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar thuairimí úsáideoirí staidrimh oifigiúil Eorpaigh. Tá ról nach beag ag rannpháirtíocht úsáideoirí sa phróiseas simpliúcháin.  Beidh sainaithint agus rannpháirtíocht na bpríomhúsáideoirí lárnach i gcur chun feidhme rathúil ghnéithe an phacáiste simpliúcháin, go háirithe sa chás dá bhféadfadh sé nach bhfreastalófaí go hiomlán ar riachtanais úsáideoirí.  I ndáil leis an méid sin, tarraingíodh aird sa CAL ar ról an Choiste Chomhairligh um Staidreamh Eorpach agus ar an deis atá ag teacht chun cinn teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí ag cruinniú na gcomhairlí úsáideoirí náisiúnta arna óstáil ag Statistics Portugal an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2026.  Rachaidh Eurostat i gcomhairle le príomhúsáideoirí ar leibhéal an AE freisin (e.g. seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus an Banc Ceannais Eorpach).  Beidh ról tábhachtach ag tuairimí ISNanna sna comhairliúcháin sin.  Beidh gá le straitéisí rannpháirtíochta agus cumarsáide le linn an phróisis simpliúcháin.

Aontaíodh ag an CAL go ndéanfar measúnú ar thionchar na dtograí ar laghdú ualaigh do ghnólachtaí agus do ISNanna. Féadfar faisnéis bhreise a iarraidh ar ISNanna chun na críche seo.

Go hachomair, athdhearbhaíodh an tiomantas do chuspóir straitéiseach an Choimisiúin maidir le simpliú ag an CAL, agus gá soiléir le gníomhaíochtaí nithiúla chun na spriocanna straitéiseacha sin a thabhairt i gcrích.  Glacadh ag an CAL go bhféadfadh sé nach mbeadh comhdhearcadh ann i gcónaí laistigh de CSE, ach nár cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar dhul chun cinn. Aithníodh solúbthacht na mBallstát aonair freisin, a mbeidh sé de rogha acu táirgeadh a choinneáil ar bun ar chúiseanna náisiúnta. 

Leagadh béim sa CAL freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an simpliú i dtaobh forbairt acmhainne maidir leis an nuálaíocht, an nuachóiriú, agus forbairt foinsí agus modheolaíochtaí nua sonraí.

Mar chuid den phlé ag an CAL, cuireadh béim ar thiomantas na nArd-Stiúrthóirí agus na nUachtarán chun torthaí intomhaiste a bhaint amach le tuairisciú agus le rannpháirtíocht tráthrialta maidir leis na cuspóirí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha ag CCSE, agus mar ionchur tábhachtach ó thaobh na rannpháirtíochta d’fhoirne ar fud na n-institiúidí náisiúnta staidrimh agus Eurostat maidir leis na tionscnaimh simpliúcháin.

Iarradh ag an CAL go gcruthófaí treochlár mionsonraithe mar bhealach chun dul chun cinn a thomhas agus chun eolas a scaipeadh ar úsáideoirí.  Ba cheart idirdhealú a dhéanamh sa treochlár sin idir bearta simplithe gearrthéarmacha, lena n-áirítear an pacáiste omnibus, agus gníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha atá dírithe ar CSE a chuíchóiriú agus a nuachóiriú.

Chun fuinneamh a choinneáil sa tionscadal, agus chun leanúint de threoir straitéiseach a chur ar fáil don phróiseas, aontaíodh go dtacóidh Grúpa Comhpháirtíochta CCSE le Eurostat chun an pacáiste omnibus a fhorbairt, lena n-áirítear catagóiriú leathan bunaithe ar thionchar gach togra.  Táthar ag súil le tuilleadh comhairliúcháin leis na Grúpaí Stiúrthóirí faoi seach maidir leis an gcéad chuid sin den chlár simpliúcháin roimh dheireadh 2026 chun ionchur a chur ar fáil a thacóidh le hullmhú an dréachtphacáiste omnibus.

Aontaíodh ag an CAL go ndéanfaí athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir leis an bpacáiste simpliúcháin ag cruinniú a dhéanfar i gcomhthráth le teacht le chéile CCSE i mí Feabhra i Lucsamburg d’fhonn go dtabharfaidh CCSE treoir straitéiseach maidir le hábhar, tosaíochtaí, agus cothromaíocht an phacáiste.  D’fhéadfaí plé maidir le rannpháirtíocht úsáideoirí, tuairisciú cáilíochta a chur chun cinn, agus athchóiriú meiteashonraí a áireamh ar chlár oibre an chruinnithe sin freisin. 

Meastar go gcuirfear an togra omnibus simpliúcháin faoi bhráid CCSE go foirmiúil i mí na Bealtaine 2027 agus go nglacfar go foirmiúil é má thugtar tuairim fhabhrach.

16 Deireadh Fómhair 2026